Molly Nic Céile, bunaitheoir ‘Gaeilge i mo chroí’
Is as Leitir Ceanainn, i gContae Dhún na nGall í Molly. Níor tógadh leis an Ghaeilge í ach bhí dúil mhór aici inti ar scoil agus d’éirigh go maith léi san ábhar. Cúpla bliain i ndiaidh na scoile, mhothaigh sí uaithi an Ghaeilge. Ag an am céanna, bhí sí ag iarraidh cainéal YouTube a thoiseacht i ndiaidh staidéar a dhéanamh ar léiriú na meán agus an aisteoireacht. Rith sé léi físeáin a dhéanamh faoin Ghaeilge. Ba mhaith léi an t-eolas a bhí aici a roinnt le daoine eile agus físeáin a chruthú, rud a bhain sí sult mór as. Ar an 9 Samhain 2019, chuir sí a céad fhíseán ar YouTube, “How to start speaking Irish” agus inniu, tá sé feicthe ag níos mó ná 770 míle duine. Tá 258 físeán déanta aici go dtí seo, físeáin ina mbíonn sí ag múineadh na Gaeilge, ag roinnt laethanta ina saol trí mheán na Gaeilge, ag caint le daoine eile i nGaeilge agus srl.
Thosaigh Molly ag teagasc ranganna Gaeilge phríobháideacha ar líne i mí na Nollag 2020. Tá mic léinn aici as achan cearn den domhan a bhfuil leibhéil éagsúla acu. Tá beagnach 5 bliana taithí teagaisc aici anois.
Lean sí ar aghaidh ag staidéar agus ag cur feabhas ar a cuid Gaeilge féin agus a cuid scileanna teagaisc. D’fhreastail sí ar Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge le Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann ag tús 2022. D’fhreastail sí ar chúrsa teanga ag Oideas Gael i mí Dhéireadh Fómhair 2022. Bhain sí Teastas Ollscoile (Leibhéal 6) i Múineadh na Gaeilge amach ó Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain 2023. Thosaigh sí ag múineadh na Gaeilge ag Irish Arts Center in Manhattan, Nua-Eabhrac i mí Aibreáin 2024. D’fhoilsigh sí a céad leabhar ‘Gaeilge i mo chroí: Your Guide to Loving and Living the Irish Language’ i mí Mheán Fómhair 2024. Bhain an leabhar seo Duais Leabhar na hÉireann sa chatagóir Leabhar Stíl Mhaireachtála na Bliana 2024.
Faoi láthair, tá leabhar eile á scríobh aici agus tá sí dírithe ar níos mó deiseanna cainte a chur ar fáil in Éirinn agus thar lear.
Briana Ní Loingsigh, Dearthóir Grafaicí agus Cóitseálaí Teanga
Is as New Jersey ó dhúchas í Briana ach tá sí ina cónaí i Nua-Eabhrac, le 14 bhliain. Bhain sí céim amach sa dearadh cumarsáide in 2015 ó Parsons The New School for Design agus bronnadh Magna Cum Laude uirthi. D’oibrigh sí mar dhearthóir grafaicí i dtionscal na hamharclainne ar feadh 11 bhliain agus bhuaigh sí trí ghradam Graphis as dearadh póstaeir. Sa lá atá inniu ann, dearann sí na táirgí atá ar fáil ar gaeilgeimochroi.com, an suíomh idirlín é féin agus an t-ábhar do na cúrsaí.
Sa bhliain 2020, thosaigh Briana ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil oidhreacht na hÉireann aici. Ba as an Chábhán muintir a hathar. D’fhreastail sí ar ranganna Gaeilge ag an Irish Arts Center in Manhattan agus i rith na paindéime, lean sí ar aghaidh ag déanamh staidéir ar líne ag léamh leabhar i nGaeilge, agus ag freastal ar imeachtaí Gaeilge.
I mí Iúil 2022, chuaigh sí go Gleann Fhinne i nDún na nGall ar feadh seachtaine, le freastal ar chúrsa teanga le hOideas Gael. Thug sí faoi chuid mhór dúshlán chun feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, dúshláin éisteachta, scríbhneoireachta agus srl. Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag sa bhliain 2023, d’fhreastail sí ar Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge le Gaelchultúr. I mí na Bealtaine 2024, bhronn an eagraíocht ‘Daltaí na Gaeilge’ fáinne óir uirthi, rud a aithníonn líofacht an chainteora.
I mí na Samhna 2024, thosaigh Briana a blag féin ar Substack. ‘Foghlaimeoir’ an t-ainm atá ar an bhlag. Scríobhann sí faoi na ceachtanna saoil a d’fhoghlaim sí agus í ag foghlaim teangacha. Chomh maith leis sin, tugann sí comhairle agus tacaíocht do dhaoine ag foghlaim na Gaeilge.
Sa bhliain 2023, thosaigh Briana ag foghlaim Polainnise. Tá oidhreacht na Polainne aici fosta. Ba as an Pholainn seantuismitheoirí a máthar. Mar sin, bhí sí i gcónaí fiosrach faoin teanga. Bíonn sí ag freastal ar ranganna achan seachtain agus rachaidh sí go dtí an Pholainn den chéad uair i mí Dheireadh Fómhair 2025 le feabhas a chur ar a cuid Polainnise agus an tír a fheiceáil.